Salm 92 - An Bíobla Naofa 1981An Ceart Diaga 1 Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide. 2 Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna, agus ceol a dhéanamh do d'ainm, a Neach is Airde, 3 d'fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin, agus do dhílse i dtráthanna na hoíche, 4 le ceol na cruite agus na cláirsí; mar aon le ceadal na lire. 5 Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna; déanaim gairdeas in oibreacha do lámh. 6 Nach éachtach iad d'oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe! 7 Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo. 8 Cé go n‑eascraíonn na héagráifigh mar fhéar, agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth, 9 níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách; ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor. 10 Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna, agus scaipfear na hurchóidigh go léir. 11 Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas. 12 D'fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde; chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha. 13 Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine. 14 Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé. 15 Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh, agus iad go húrghlas i gcónaí, 16 a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna; mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart