Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 9:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr d'fhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir d'aon duine seasamh i do láthair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 O a THIGHEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niugh: féuch, a támaoid ad lathair ann ar gciontuibh: óir ni fhéadmaoid seasamh as do choinne dá bhrígh so.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 9:15
26 Tagairtí Cros  

Gach duine d'iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.’ ”


agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.


Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é; Rinne tú conradh leis Go dtabharfa dó tír an Chanánaigh, An Hivigh agus an Amóraigh, An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh, Dó féin agus dá shliocht. Chomhlíon tú do ghealltanas, Óir is cóir é thú.


Is ceansa an Tiarna agus is cóir; is trócaireach é ár nDia.


Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna; agus is ceart do bhreithiúnas.


Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?


Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.


A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra.


Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?


“A mhic an duine, abair le muintir Iosrael: Seo mar a labhraíonn tú de shíor: ‘Tá ár bpeacaí agus ár gcionta mar ualach trom orainn agus táimid ag meath mar gheall orthu. Cad é mar a fhéadaimid maireachtáil?’


Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.


Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n‑aithreacha trína ndearnadar feall i m'aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne,


i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,


Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.”


Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”


Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.


Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.


Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill.


Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí