Eazrá 10:1 - An Bíobla Naofa 19811 Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Anois an tan do ghuidh Esra, agus a núair do admhuimh sé, ag gul agus da theilgion féin ar lár a bhfiaghnuise thighe Dé, do chruinnigh chuige as Israel coimhthionól romhór fear agus ban agus leanabh: óir do chaóidheadar an pobal go ro ghéar. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.