Eazrá 10:2 - An Bíobla Naofa 19812 Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d'Iosrael fós. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Agus do fhreagair Sechaniah mhac Iehiel, áon do mhacaibh Elam, agus a dubhairt re Hesra, Do chiontuigheamar a naghaidh ar Ndé, agus thugamar mná coigcríchthe do dhaoinibh na talmhan: gidheadh fós atá a nois dóigh ann Israel a ttaóibh an neithesi. Féach an chaibidil |
Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -