Eazrá 10:3 - An Bíobla Naofa 19813 Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Anois ar a nadhbharsin déanam cunnradh re ar Ndía, na mná uile agus an mhéid do rugadar, do chuir uáinn do réir chomhairle mo thighearna, agus na méide chriothnuighios re haithne ar Ndé, agus déantar é do réir an dlighe. Féach an chaibidil |
“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.”
De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.