Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Habacúc 1 - An Bíobla Naofa 1981


Comhrá idir an Tiarna agus an Fáidh

1 Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís.


An Chéad Chasaoid

2 Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n‑éistfidh tú liom nó ag éamh “Foréigean!” agus nach bhfuasclóidh tú sinn?

3 Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.

4 Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.


An Chéad Oracal

5 Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu, agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh. Óir tá obair á déanamh le bhur linn nach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.

6 Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.

7 Cine uamhnach uafásach is ea iad a dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.

8 Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh.

9 Chun foréigean a dhéanamh a thagann siad go léir; tá dianteas a n‑aghaidheanna mar an ghaoth anoir; cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh.

10 Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe, agus gáire faoi phrionsaí, agus beag is fiú den uile dhún. Carnann siad cré ina dtimpeall agus gabhann siad seilbh orthu.

11 Ach ansin athraíonn an ghaoth agus titeann sí chun suaimhnis. [Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.


An Dara Casaoid

12 Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna, A Dhia liom, m'Aon Naofa, nach bhfaigheann bás choíche? Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt; chuir tú ar bun é, a charraig, chun díoltas a imirt.

13 Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?

14 Caitheann tú leis an gcine daonna mar éisc na mara nó mar phéisteanna gan mháistir.

15 Beireann an pobal seo ar chách le duán; tarraingíonn siad isteach iad lena líon; cruinníonn siad le chéile iad lena saighean; ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu.

16 Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.

17 An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthu ag folmhú a lín gan stad agus ag marú na náisiún gan trua?

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí