Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 12:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do phlannduigh tú íad, fásuid fós, do ghlacadar preamh: do bheirid toradh: agus atá tusa a ngar iona mbéul, agus a bhfad ó na ndúbhanuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 12:2
15 Tagairtí Cros  

Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair, Agus screadann an duine gonta ó chroí. Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao].


Nuair a chonaic mé duine ceanndána, Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:


Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreach ina sheasamh amhail céadras na Liobáine.


Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,


“Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”


Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”


Deir an Tiarna é seo: ‘Anois, brisim síos an rud a thóg mé; an rud a phlandaigh mé, tá mé á tharraingt aníos; [buailfidh mé an domhan] go hiomlán.


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.


Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?


‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí:


Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa: ‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí;


Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí