Irimia 11:19 - An Bíobla Naofa 1981 11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht do bhí mé cosmhuil ré lubhán nó re damh bheirthior chum a mharbhtha; agus ní raibh a fhios agam gur thionscnadarsan tionnscnadh am aghaidh, gha rádh, Scriosam an crann maille re na thoradh, agus gearram amach é as tír na mbéo, chor nach ccuimhnighthear a ainm ní sa mhó. |
Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.
Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m'anam.
Ach anois, ó tá mé san fhaopach cruinníonn siad faoi áthas. Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh, ‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.
Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail; chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.
Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin, agus ná déan a theach a chreachadh.
Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;
Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó i dtír na mbeo, ní fheicfidh mé a thuilleadh aon duine de mhuintir an tsaoil seo.
Troidfidh siad i d'aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce - is é an Tiarna a labhraíonn.”
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.
Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm, a ndrochbheartaíocht uile i m'aghaidh.
“Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.
Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé - is é an fáidh é. Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile, agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.