Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 142 - An Bíobla Naofa 1981


Is é an Tiarna a bhfuil agam i dTír na mBeo

1 Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí.

2 Glaoim os ard ar an Tiarna; achainím os ard ar an Tiarna.

3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim m'anacra ina láthair.

4 Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b'eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham.

5 Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m'anam.

6 Is ort a ghlaoim, a Thiarna; deirim: “Is tú mo dhídean; a bhfuil agam i dtír na mbeo.”

7 Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao; óir tá mé i gcorrach na haimiléise. Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna, óir is treise iad siúd ná mé.

8 Seol mé amach as an gcarcair seo chun go dtabharfaidh mé buíochas do d'ainm. Tionólfaidh na fíréin i mo thimpeall toisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí