Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 142:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim m'anacra ina láthair.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Nuair a bhí mo sprid faoi thuirse bhí eolas mo chosáin agat: sa tslí a shiúlainn chuireadar dol romham os íseal.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Tra bhí mo spiorad claoidhte lag, Do b’aithne dhuit mo chéim; San tslighe ann air shiubhlas féin, Gan fhios do leag siad lion.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 A nuáir do bhí mo spiorad claóidhte ionnum, annsin bá haithne dhuitsi mo chasan. Annsa tslighe ionar shiubhail mé do chuireadar paintéar romham.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim mʼanacra ina láthair.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 142:3
20 Tagairtí Cros  

Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.


Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.


Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.


Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.


Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.


Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham; saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide.


Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma; agus chalcaigh mo chroí istigh ionam.


Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.


Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl.


Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal; seol mé agus treoraigh mé as ucht d'ainm.


Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.


Éist le mo ghlao, a Dhia; tabhair cluas do m'urnaí!


Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah


Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m'anam don sólás.


Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d'fholaigh siad líonta do mo chosa.


Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).


D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí