Salm 83 - An Bíobla Naofa 1981In Aghaidh an Namhad 1 Amhrán. Salm Ásáf. 2 Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin. 3 Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair; agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn. 4 Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail; chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá. 5 Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal; go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.” 6 Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn; déanann siad cor agus conradh i do choinne. 7 Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil; pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár, 8 Geabal agus Amón agus Amáiléic; na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre, 9 Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo; a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah 10 Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon; 11 an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór, a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh. 12 Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha, oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh - 13 an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbh ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.” 14 Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán; nó mar cháith ag imeacht le gaoith. 15 Mar a loisceann an tine an choill, mar a loisceann an lasair na sléibhte, 16 cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann; cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm. 17 Folaigh a n‑éadan le náire; nó go n‑iarrfaidh siad d'ainm, a Thiarna. 18 Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne! 19 Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna; an Té is Airde os cionn an domhain go léir. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart