Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 83:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

2 Óir siúd do naimh de ag monabhar: agus lucht dʼfhuatha ag tó gáil a gcinn.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

2 Óir féuch a tá do náimhde tréun, Re feirg a’s buaidhreadh árd. ’S an drong úd leis dho fhuaith’ean tú, A gcinn do thóg a náird’.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír, féuch, do níd do naimhde comhmbuáidhreadh: agus tógbhaid lucht thfuathuighthe a cceann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 83:2
22 Tagairtí Cros  

De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair, cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú.


Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,


Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhde agus glamaíl d'eascairde ag méadú de shíor.


Tá do naimhde ag búiríl i lár do thionóil agus chuir siad a meirgí mar chraobh choscair in airde.


chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.


Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna; thóg na tuilte a nglór go torannach; thógadar a nglór go tolgach tréan.


Och: búiríl na sluaite ollmhóra, búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara, tuargaint na náisiún ag tuargaint mar a bheadh tuargaint an lán mara.


Cé dhó ar thug tú masla agus aithis? Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinn agus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach? I gcoinne Neach Naofa Iosrael!


Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú!


Troidfidh siad i d'aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce - is é an Tiarna a labhraíonn.”


Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”


Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus d'ordaigh iad a bhualadh le slata.


Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d'fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail


Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.


D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”


Bhí an t‑achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d'ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort.


Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí