Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 109 - An Bíobla Naofa 1981


1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,

2 óir tá béal na n‑éagráifeach agus na bhfealltach ar leathadh i m'aghaidh.

3 Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh, timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha; tugann siad fúm gan fáth.

4 I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh; ach bímse ag guí.

5 Díolann siad liom an t‑olc in aghaidh na maitheasa, an fuath in aghaidh an ghrá.

6 Gríosaigh fear na hurchóide ina choinne; agus seasadh an cúisitheoir ar a dheis.

7 Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh; agus go raibh a achainí in aistear.

8 Gura tearc iad laethanta a shaoil; agus go nglaca neach eile a chúram.

9 Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair; agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.

10 Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce; agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.

11 Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige; agus go mille strainséirí toradh a shaothair.

12 Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.

13 Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.

14 Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreacha agus nár scriostar peaca a mháthar amach.

15 Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor; go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh.

16 Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamh ach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil, agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite.

17 An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air; gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis.

18 Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach; go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisce agus isteach ina chnámha amhail ola.

19 Go raibh siad mar chulaith á chlúdach, mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor.

20 Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.

21 Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm; agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.

22 Óir táimse go dearóil dealbh; agus tá mo chroí á chrá istigh ionam.

23 Leáim as mar scáil fhada an tráthnóna scuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.

24 Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh; agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh.

25 Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach; agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.

26 Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom; saor mé de réir do bhuanghrá.

27 Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa, gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.

28 Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.

29 Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.

30 Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard; tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.

31 Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí