Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Íseáia 32 - An Bíobla Naofa 1981


Ceart an Rí

1 Is é an ceart is bun le ríogacht an rí agus an chóir le flaitheas na bhflatha;

2 is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.

3 Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann, beidh na cluasa a chloiseann ar bior,

4 beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachta agus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir;

5 ní thabharfar uasal feasta ar an amadán, ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí.


Ní ionann don Amadán agus don Uasal

6 Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.

7 Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;

8 ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.


Do Mhná Sócúlacha

9 A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint!

10 I gcionn bliana agus corradh beidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne, óir meathfaidh barr na fíniúna; fómhar ní bheidh ann ar aon chor.

11 Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!

12 Buailigí bhur n‑ucht i ndiaidh na dtailte taitneamhacha, i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil,

13 i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach.

14 Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.


Slánú ón Tiarna

15 Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.

16 Beidh an ceart ag lonnú san fhásach, agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;

17 an tsíocháin a bheidh mar thoradh ar an gcóir, agus is é is tairbhe don cheart suaimhneas agus sábháilteacht go deo.

18 Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána, i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha,

19 - leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.

20 Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin, agus an damh agus an t‑asal a scaoileadh agaibh saor amach.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí