Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 32:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Tiucfaid dosáin agus dreasa ar fhearann mo phobail; fós, ar uile thighthibh an gháirdeachuis a ccathruigh an tsóláis:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 32:13
20 Tagairtí Cros  

riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.


a chathair an challáin, a bhaile na círéibe, agus tú lán de ghairdeas? Ní coscar claímh do choscar, ná ní sa chath a thit do chuid marbh;


An é sin bhur gcathair ghriothalánach, a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall, a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad, chun cónaí a dhéanamh i gcéin?


Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos.


Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona; tá deireadh leis an uile lúcháir, tá an t‑áthas díbeartha ón tír.


óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.


Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin.


deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”


Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.


In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!


Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé: “Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe,


Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin, arbh fhiú míle píosa airgid iad, ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.


Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís


Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.


Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.


Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”


Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]


Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí