Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
Agus cred fá nach maitheann tú mo pheacadh, agus méaicceart do chur ar ccúl? óir coideoluidh mé a nois annsa luáithreadh; agus íarrfa tusa mé ar maidin, acht ní bhía mé.
Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.