Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 7 - An Bíobla Naofa 1981

1 Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh? Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?

2 Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.

3 Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.

4 I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?” Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?” Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.

5 Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air; Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.

6 Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.

7 Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála; Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.

8 An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó. Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.

9 Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal, Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.

10 Ní thagann sé abhaile arís, Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.

11 Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga, Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh. Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.

12 An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?

13 Má deirim: “Tabharfaidh mo leaba faoiseamh dom, Agus déanfaidh mo tholg mo phian a bhogadh,”

14 Ansin cuireann tú scéin orm le brionglóidí Agus scanradh le físeanna,

15 I dtreo gur fearr le m'anam folathachtadh, Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha

16 Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách. Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth.

17 Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de?

18 Go ndéanfá fiosrú air gach maidin Agus é a thriail gach nóiméad?

19 Cá fhad go dtógfair díom do shúile Agus ligean dom mo sheile a shlogadh?

20 Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?

21 Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí