Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 7:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is marsin do rinneadh misi do shealbhughadh míos díomhaóinis, agus atáid oidhcheadha tuirseacha ar na ccinneadh dhamh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 7:3
8 Tagairtí Cros  

Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.


Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.


Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart, Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram.


Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.


Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.


Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?


Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.


Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí