Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 3:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Oir do bhéinn anois am luighe go súaimhneach, agus do bhéinn ciuin, do choidéoluinn: annsin do bhéinn am chomhnuidhe,

Féach an chaibidil Cóip




Iób 3:13
22 Tagairtí Cros  

Sula n‑imím, imeacht gan teacht, Go tír an dorchadais agus scáil an bháis,


Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh, Scáil an bháis gan eagar, Arb dorchadas tiubh a ghile Agus nach bhfeiceann solas na beatha.


Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis; Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.


Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.


Níl súil agam ach le Seól mar bhaile, Agus bualadh fúm sa dorchadas.


Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.


- An té a d'fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh, An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom. Tá mo leasracha á gcnaí!


Caitheann siad a ré faoi lúcháir, Agus téann siad síos go Seól faoi shíocháin.


Faigheann duine bás i mbarr a chumais, Agus é go sona sásta ar fad,


Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu.


Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána. Dá scrúdódh Dia an peacach,


Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”


Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos, Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.


Tá Seól tarrnocht os a chomhair, Agus Abadón gan bhrat.


Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?


Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.


Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


[Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí