Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 9 - An Bíobla Naofa 1981


Cóir Dé i Reim

1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:

2 Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?

3 Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.

4 Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

5 Eisean a d'aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh; Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.

6 Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad, Ionas go gcritheann a colúin go léir.

7 Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n‑éiríonn sí, Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.

8 Eisean amháin a leath na spéartha amach, Agus a shatail ar thonnta na mara.

9 Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí, An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.

10 Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse Agus iontais thar áireamh.

11 Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é; Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.

12 Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?

13 Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.

14 Nach lú ná sin fós a d'fhéadfainnse freagra a thabhairt air, Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?

15 Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt. Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.

16 Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé, Ní chreidim go n‑éistfeadh sé le mo bhriathar.

17 Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.

18 Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt Agus a líonann mé le dobrón.

19 Más neart atá i gceist - siúd é an tUilechumhachtach! Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?

20 Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.

21 Mé a bheith neamhchiontach - ní bheadh a fhios sin agam. Chaithfinn uaim m'anam féin.

22 Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.

23 Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann, Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.

24 Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach; Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna. Nó murab eisean, cé heile?

25 Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha; Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.

26 Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí, Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.

27 Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán, Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;

28 Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.

29 Is mise a dhaorfaí, Cad ab áil liom ag obair in aisce?

30 Dá nífinn mé féin le huisce sneachta, Agus mo lámha a ghlanadh le buac,

31 Ansin do thumfá mé sa cheachair, Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.

32 Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air, Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.

33 Níl aon idirghabhálaí eadrainn, A leagfadh a lámh orainn araon.

34 Baineadh sé díom a shlat, Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;

35 Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe, Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí