Iób 29:3 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A nuair do dhéalruidh a choinneal ar mo cheann, agus a nuáir do shiubhail mé thríd an dorchadas le na sholus; |
- An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach? Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu? An roinneann sé pianta ina racht feirge?
Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine; is trócaireach é, is fial, is ionraic.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.
Le Dáiví. 1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean m'anama; cé a chuirfidh ar crith mé?
B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”
mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -