Iób 27:21 - An Bíobla Naofa 1981 Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é, Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Beiridh án gháoth a noir lé é, agus imthighidh sé: agus amhuil anfa tiománuigh as a áit é. |
Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.
Ardaíonn tú ó thalamh mé le hiompar ag an ngaoth, Agus suaitheann tú mé i súil na stoirme.
Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.
Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de, amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.
Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh, ar lá a dtruamhéile.”
Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)
thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”