Salm 58 - An Bíobla Naofa 1981Breithiúna Éagóracha 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Mictam Dháiví. 2 An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta? an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine? 3 Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroíthe agus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh. 4 Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar; lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad. 5 Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe; le nimh na nathrach a chalcann a cluasa 6 d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta. 7 Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna. 8 Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air. 9 Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de, amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian. 10 Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon. 11 Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n‑urchóideach. 12 Déarfar: “Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair; tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart