Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 11 - An Bíobla Naofa 1981


Muinín as Dia

1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”

2 Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha; táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang, á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.

3 Ón uair a scriostar na fothaí cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.

4 Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.

5 Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.

6 Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí