Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.
Iób 13:24 - An Bíobla Naofa 1981 Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cred fá bhfolchann tú haghaidh, agus fá measann tú misi am námhuid dhuit? |
Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.
Tugann tú finnéithe nua i mo choinne Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.
Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.
Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé? Nach bhfuil bhur sáith de m'fheoil ite agaibh?
Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.
Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?
Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna? Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!
Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn agus nach cuimhin leat ár n‑ainnise is ár n‑ansmacht?
Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.
D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.
“Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé, agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu. Óir is ál fealltach iad, clann gan dílseacht iontu.”
D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?