Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 19:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé? Nach bhfuil bhur sáith de m'fheoil ite agaibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Cred as a bhfuiltíse dom inghreim mar do ní Día, agus nach lór libh mfeóil?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 19:22
14 Tagairtí Cros  

Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.


Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm?


An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh, Agus dias chríon a thóraíocht?


Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.


Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”


Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.


Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.”


D'éirigh tú cruálach ag plé liom, Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.


Nár dhúirt lucht mo bhotha: “An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”


Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas; go bhfágtar a n‑áitribh gan neach iontu.


Óir chuir siad tóir ar an té a bhuail tú, agus chuir créacht leis na créachtaí a thug tú dó.


Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.


a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí