Salm 13 - An Bíobla Naofa 1981Impí chun Dé le linn Trioblóide 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 2 Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé? Cá fhad a choinneoidh tú d'aghaidh i bhfolach orm? 3 Cá fhad a mhairfidh m'anam á bhuaireamh agus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae? Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé? 4 Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom. Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm, 5 sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm, sula ndéanfaidh m'eascairde lúcháir toisc gur thit mé. 6 Chuir mise mo dhóchas i do bhuanghrá daingean, beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe, 6 agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart