Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 19:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh, Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Do adhain sé mar an gcéadna a dhioghaltas am aghaidh, agus measuidh sé mé dhó féin mar aén da naimhde.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 19:11
9 Tagairtí Cros  

Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm?


Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.


Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.


Tá sé ag fáil leithscéalta i m'aghaidh, Agus do m'áireamh mar namhaid.


Ghiorraigh tú laethanta a óige; agus d'fhág tú faoi náire shaolta é.


Táimid dár gcnaí go dearfa le d'fhearg; scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.


Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón.


D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.


Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí