Iób 31 - An Bíobla Naofa 1981Iób á Chosaint Féin 1 Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean. 2 Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis? 3 Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide? 4 Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna? 5 An raibh mé cois ar chois leis an mbreag? Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise? 6 Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic, Agus bíodh m'fhíréantacht ar eolas ag Dia! 7 Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac, 8 Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar; Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl! 9 Má mealladh mé riamh ag bean, Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan, 10 Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile, Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa. 11 Ba pheaca drúise é sin, Coir le [díolt ag an dlí], 12 Coir a d'adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón. Agus a dhófadh m'fhómhar go léir. 13 Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráin Nó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom, 14 Cad a dhéanfainn nuair a d'éireodh Dia? Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú? 15 An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar? 16 Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí? 17 Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta? 18 Óir bhí [Dia] mar athair agam do m'oiliúint ó m'óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar. 19 An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach, Nó fear bocht gan bhrat, 20 Agus gan é do mo bheannú ó chroí, Agus lomra mo chaorach á théamh? 21 Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata? 22 Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán, Agus go stractar mo ghéag as alt! 23 Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta. 24 Ar chuir mé mo mhuinín san ór? Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.” 25 Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac? 26 Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir, Nó niamh na gealaí ina cúrsa, 27 Ar mealladh mo chroí os íseal Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo? 28 Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí - Mé a shéanadh Dé in airde. 29 Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad, An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é? 30 Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh, Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do. 31 Nár dhúirt lucht mo bhotha: “An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?” 32 Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid; Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí]. 33 Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh? 34 An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach? 35 Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé. 36 Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne, Caithfidh mé ar mo ghualainn é, Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin; 37 Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol, Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis. 38 Má ghlaoigh mo chuid talún i m'aghaidh, Agus go raibh gach clais ar snámh le deora, 39 Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe, 40 Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht, Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna. (Sin críoch ar bhriathra Iób.) |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart