Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iób 31:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Nó má dith mé mo ghreim liom féin am áonar, agus nár ithiodar na dílleachduigh dhe;

Féach an chaibidil Cóip




Iób 31:17
16 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.”


Níor thug tú deoch uisce don tuirseach, Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach.


Óir bhí [Dia] mar athair agam do m'oiliúint ó m'óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.


Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?


nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,


Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht.


Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.


óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”


Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.


ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.


Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.


Tabhair maoin dó ó do thréad, ó d'urlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air.


Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.


Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí