Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iób 31:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 An raibh eagla orum roimhe iomad mór daoine, nó nar úamhnuigh tarcuisne muinntear mé, as a ráibh mé am thochd, agus nach deachuidh mé amach as an dorus?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 31:34
20 Tagairtí Cros  

Liúigh siad na nithe sin in ard a ngutha i dteanga Iúdá le pobal Iarúsailéim ar na ballaí d'fhonn iad a bhuaireamh agus eagla a chur orthu, agus go ngabhfaidís an chathair ar an tslí sin.


Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.


Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: “Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!” Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo.


Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh, Agus tá cónaí ar an gcumasach ann.


Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.


Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa.


Agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.’ ”


Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”


Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”


Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.


As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí