Salm 88 - An Bíobla Naofa 1981Faoi Bhráca an Bhróin 1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach. 2 A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá; bím ag caoineadh istoíche os do chomhair. 3 Go dtaga mo ghuí ag triall ort; claon do chluas chun mo ghlóir. 4 Óir tá m'anam lánualaithe le buarthaí; tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh. 5 Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl; agus ráinig mé mar neach gan neart; 6 mar dhuine ina aonar i measc na marbh, amhail an t‑ár ina luí san uaigh, atá imithe as do chuimhne go brách, agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach. 7 Chuir tú go domhain san uachais mé, in íochtar an duibheagáin dhorcha. 8 Luíonn do dhíbheirg go trom orm; tá mé báite faoi do thonnta go léir. 9 Chuir tú mo chairde i bhfad uaim; thug tú orthu déistin a ghlacadh liom. Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú; 10 tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha. Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna; is chugat a shínim mo lámha. 11 An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh? an éireoidh na neamhbheo do do mholadh? 12 An bhfógrófar do ghrá san uaigh, nó do dhílseacht i measc na marbh? 13 An bhfoilseofar d'éachtaí sa dorchacht; agus d'fhíréantacht i dtír na díchuimhne? 14 Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna, is chugat a thagann m'urnaí ar maidin. 15 Cad chuige duit m'anam a ruaigeadh? cad fáth a bhfolaíonn tú d'aghaidh orm? 16 Tá mé i m'ainniseoir, i riocht bháis ó m'óige; scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart. 17 Tháinig do dhíbheirg orm anuas, agus rinne do sceimhle mo scriosadh. 18 Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht. 19 Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa; is í an dorchacht mo chompánachsa feasta. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart