Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 10:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Oír atá sé ag méadughadh. Atá tusa dom fhíadhach amhuil leomhan dísgir: agus a rís taisbeanuidh tú thú féin iongantach orum.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 10:16
11 Tagairtí Cros  

Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm?


Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.


(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)


agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine; tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad, ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.


Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.


Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí bhí sé in oirchill orm.


Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.


Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?


buailfidh an Tiarna le plánna uafásacha thú, tú féin agus do shliocht; sea, le plánna troma buana, agus le galair nimhneacha sheasmhacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí