Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 10 - An Bíobla Naofa 1981


Achainí a Iarraidh Cabhair Dé

1 Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

2 Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

3 Óir maíonn an t‑éagráifeach as mianta a chroí: déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.

4 Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.” Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

5 Éiríonn an bóthar leis i gcónaí agus is fada óna aigne do bhreitheanna. Is beag aige a naimhde uile.

6 Deir sé ina chroí: “Ní chorrófar mé: Ní bhainfidh míshéan dom go brách.”

7 Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí agus fós de chealg is de bhréaga: bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.

8 Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte: dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh. Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.

9 Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais, fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise: beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

10 Cromann sé chun léim a thabhairt agus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.

11 Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

12 Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia! agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.

13 Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia, á rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?

14 Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

15 Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

16 Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.

17 Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,

18 a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d'fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí