Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Éiríonn an bóthar leis i gcónaí agus is fada óna aigne do bhreitheanna. Is beag aige a naimhde uile.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

5 Is nimhneach de shíor a shlite: bíonn do bhreithiúnas i bhfad as amharc os a chionn, agus dá bhrí sin cuireann sé dúshlán a naimhde.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

5 Ta uile shlighe ro dhoilghiosach, ’S ard o na shúil do bhreith: Ag séideadh pluc go fona’dmhach, Air eascairibh fa leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Atáid a shlighthe a ccomhnuigh doilghiosach; atáid a bhreithéamnuis a bhfad súas as a radharc: maille re na easccáirdibh uile, bíth sé ag fochmhuid fútha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Éiríonn an bóthar leis i gcónaí agus is fada óna aigne do bhreitheanna. Is beag aige a naimhde uile.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 10:5
23 Tagairtí Cros  

D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.


Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)


Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘An bhfaca tú an t‑arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.’ ”


Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,


gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.


Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.


Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha, agus seachnaíonn sé Seól laistíos.


Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachta d'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;


Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.


Ná bí in éad le hurchóidigh, ná ag tnúth lena gcuideachta.


Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,


A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.


Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”


Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.


Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.


Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.


Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.


Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad,


Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.


“Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí