agus d'inis sí an scéal céanna dó: “An daor Eabhrach a thug tú dúinn,” ar sí, “tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú.
Eaxodus 23:1 - An Bíobla Naofa 1981 Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ni thóigfe tú iomradh bréagach: ná cuír do lámh leis na drochdháoinibh chum bheith ad fhíaghuin neimhfhíréunta. |
agus d'inis sí an scéal céanna dó: “An daor Eabhrach a thug tú dúinn,” ar sí, “tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú.
“Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. D'fhreagair Zíbeá an rí: “Féach, d'fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m'athar ar ais dom inniu.’ ”
“A thiarna, mo rí,” ar sé, “mheall mo sheirbhíseach mé; mar dúirt do shearbhónta leis: ‘Cuir an diallait ar an asal dom, go rachaidh mé in airde air agus imeacht leis an rí,’ mar tá do shearbhónta bacach.
Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.
an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;
agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m'eascairde. D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan, agus lucht an fhoréigin.
I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach.
Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath; is amadán é fear na tromaíochta.
An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir; níl san fhinné bréagach ach calaois.
Ní insíonn finné fírinneach bréag; ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.
Éisteann an t‑urchóideach le béal mailíseach, agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.
Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós, agus scriosfar an té a spalpann éitheach.
Déanfar an finné bréige a mhilleadh, ach tabharfar cluas i gcónaí d'fhocail an duine ghéilliúil.
Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar, agus ná meall daoine le briathra do bhéil.
Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.
Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.
Finné bréige ag spalpadh éithigh, agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.
Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.
“Cad iad féin?” ar seisean leis. Dúirt Íosa: “Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige.
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”
D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
“An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?”
Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t‑olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá a ndaoradh tuillte acu siúd.
Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.
Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith.
agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.
Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.