Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 23:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc; ní mó laibheórus tú a gcúis do chláonadh lé morán do thabhach breatheamhnuis:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 23:2
36 Tagairtí Cros  

Ach sula ndeachadar a luí, tháinig timpeall an tí fir na cathrach go léir idir óg agus aosta i Sodom, an pobal go léir gan easnamh fir.


D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.


Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: “Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta.


D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?


chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal agus cothrom do dhaoine bochta.


A mhic, ná gabh an bealach leo, agus ná leag do chos ar a gcosán.


Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach, ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.


Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach; ná siúl bealach na gciontach.


Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d'ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de.


Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).”


Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’


Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.


“An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?”


Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.


Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.


Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d'fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d'fhág Féilix Pól i bpríosún.


Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?”


Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.


Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”


Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.


“Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall.


Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”


Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.


Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí