Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
1 Ríthe 2:4 - An Bíobla Naofa 1981 agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ionnus go ndamgneochaidh an TIGHEARNA a fhocal, noch do labhair sé dom tháobhsa, ga radh, Má bheirid do chlann aire dá slighe, ag siubhal a bhfírinne am lathairse maille re na nuile croidhe agus re na nuile annum, ní theisdeocha uáit (ar seision) duine a ccathaóir ríogha Israel. |
Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”
Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.
agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”
Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.
Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”
Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.
“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.
Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas
Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.
daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.’
“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh.
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,
Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair i ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl ar chosán mo dhlí mar a rinne tusa féin os mo chomhair.’
daingneoidh mé do ríchathaoir, de réir an chonartha a rinne mé le Dáiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí i ríchathaoir Iosrael.’
Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna, ach dísceofar an dream a mhallaigh sé.
“Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael.
Má mhaireann tú de réir mo dhlíthe, agus má choimeádann tú m'aitheanta agus iad a chomhlíonadh,
Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.
Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -
Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.
“Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,
Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:
Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.
“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.
An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir,