Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 7:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus anois, a TIGHEARNA Día, an focal do labhair tú a ttáobh do shearbhfhoghantuigh, agus a ttáobh a thighe, daingnidh é go brath, agus déana mar a dubhairt tú.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 7:25
11 Tagairtí Cros  

Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ”


De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.


Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,


agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’


Agus anois, a Thiarna, Dia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair, á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair ar ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl os mo chomhair mar a rinne tusa féin.’


Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m'athair.


Cuir le do ghealltanas do do ghiolla; le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.


Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla; lenar thug tú dóchas dom.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad,


Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: “Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.” D'fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí