Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil II. Tiomna Dhaibhi. 26 Ar na coimhlíonadh.

1 Anois do dhruideadar láethe Dháibhi a bhfogus chor go bhfuigheádh sé bás; agus do chuir cúram ar a mhac Solamh, dha rádh,

2 Atáimse ag dul a slighe na talmhan uile: bise láidir ar a nadhbharsin, agus taisbéin thú féin go fearambuil;

3 Agus coimhéad cúram do THIGHEARNA Dé, ag siubhal iona shlighthibh, ag coimhéad a statúideadh, agus a aitheanta, agus a bhreitheamhnasa, agus a fhiaghnuiseadh, mar atá scriobhtha a ndligheadh Mhaóise, chor go mbeirigh tú buáidh ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gach uile tháobh a niompochuídh tú thú féin:

4 Ionnus go ndamgneochaidh an TIGHEARNA a fhocal, noch do labhair sé dom tháobhsa, ga radh, Má bheirid do chlann aire dá slighe, ag siubhal a bhfírinne am lathairse maille re na nuile croidhe agus re na nuile annum, ní theisdeocha uáit (ar seision) duine a ccathaóir ríogha Israel.

5 Tuilieamh oile fós, atá a fhios agad créd do rinne Ióab mac Seruiah orumsa, agus cred do rinne sé re dá chaiptín shlóigh Israel, re Abner mac Ner, agus re Amasa mhac Ieter, noch do mharbh sé, agus gur dhóirt fuil a chogaidh sa tsiothcháin, agus gur chuir sé fuil an choguidh ar a chrios do bhí timchioll a chaoil, agus ar a bhrógaibh do bhí ar a chosaibh.

6 Déanasa ar a nadhbharsin do réir mar do chitear dot ghliocus, agus ná léig a cheann líath do chul sios san nuáigh a síothcháin.

7 Acht foillsigh muinnteardhus do mhacaibh Barsiliai an Gileaditeach, agus bídis don droing iósas ar do bhórd: óir is marsin thangadar chugamsa a nuáir do theith mé roimhe Absolon do dhearbhrathair.

8 Agus, féuch, atá agad Símei mhac Gera, Beniamíteach ó Bhahúrim, noch do mhalluigh orumsa le mallughadh deanachdach annsa lo a ndeachaidh mé go Mahanaim: achd tháimc sé a núas am choinne go Iordan, agus do mhionnuigh mé dho fan TTIGHEARNA, gha radh, Ní chuirfe mé chum báis thú leis an ccloidheamh.

9 Anois ar a nadhbharsin ná meassa neimhchiontach é: óir is duine críonna thú, agus atá a fhios agad cred is cóir dhuit do dhéanamh ris; achd tabhair a cheann líath síos chum na huáighe ré fuil.

10 ¶ Mar sin do choduil Dáibhi a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é a gcathair Dháibhi.

11 Agus ba ceathrachad blíadhan na láethe do bhí Dáibhi na rígh ós cionn Israel: do bhí sé na rígh ann Hébron seachd mblíadhna, agus triochad agus trí blíadhna na rígh ann Ierusalem.

12 ¶ Ann sin do shuigh Solamh a ccathaóir a athar Dáibhi; agus do dhaingnigheadh a rioghachd go mór.

13 ¶ Agus tháinic Adoniiah mhac Haggit go Bat‐seba mathair Sholaimh. Agus a dubhairt sise, An go síothchánta thig tusa? Agus a dubhairt seision, Is go síothchántá.

14 Agus a dubhairt sé fós, Atá ní áirigh agam ré a radh riotsa. Agus a dubhairt sise, Abair romhad.

15 Agus a dubhairt seision, Atá a fhios agad go madh liomsa an rioghachd, agus gur iompóigh Israel uile a naghaidh orum, dom bheith am rígh: gidheadh diompóigh an rioghachd fa gcuairt, agus tháinic chum mo dhearbhrathar: óir fa leision ón TTIGHEARNA í.

16 Agus a nois íarruim éan athcuinge amhaín ortsa, ná diúlt mé. Agus a dubhairt sisi ris, Abair romhad.

17 Agus a dubhairt sé, Guidhim thú, labhair re Solamh an rígh (óir ní dhiultfa sé thú), go ttugadh sé Abisag an Sunamíteach na mnáoi dhamhsa.

18 Agus a dubhairt Bat‐séba, Lór a fheabhus; laibheora misi ar do shon ris an rígh.

19 Do chuáidh Bat‐seba uimé sin mar a raibh an rígh Solamh, do labhairt ris ar son Adoniiah. Agus déirigh an rígh súas na coinne, agus do umhluidh sé é féin di, agus do shuigh sé iona chathaóir riógha, agus thug fa deara cathaóir do thabhairt chum mathair an rígh; agus do shuigh sí ar a láimh dheis.

20 Ann sin a dubhairt sí, Ataím ag iárruidh éan athchuinge bige amhaín ort; guidhim thú, ná diúlt mé. Agus a dubhairt an rígh ría, Iarr romhad, a mhathair: óir ní dhiúltfa mé thú.

21 Agus a dubhairt sisi, Tugthar Abisag an Sunamiteach dot dhearbhrathair Adoniiah na mnaói.

22 Agus do fhreagair an rígh Solamh agus a dubhairt ré na mhathair, Agus cred fá níarrann tusa Abisag an Sunamiteach do Adoniiah? íarr an rioghachd dó mar an gcéadhna; óir is é mo dhearbhrathair is sine é; eadhon dó féin, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab mac Seruiah.

23 Ann sin do mhionnuigh an rígh Solamh fan TTIGHEARNA, gha rádh, Go ndearna Día mar sin riomsa, agus tuilleamh fós, mun ar labhair Adoniiah an focalsa a naghaidh a sháoghail féin.

24 Anois ar a nadhbharsin, mar mhairios an TIGHEARNA, noch do dhainguidh misi, agus do chuir am shuighe a gcathaoir Dháibhi mathar me, agus noch do rinne tigh dhamh, mar do gheall sé, cuirfighthear Adoniiah chum báis a niugh.

25 Agus do chuir an rígh Solamh lé láimh Bhenaiah mic Iehoiada; agus do thiomáin air gur mharbh é.

26 ¶ Agus a dubhairt an rígh ré Abiatar an sagart, Imthighsi go Hanatot, dot mhachairibh féin; óir do thuill tú bás: acht ni chuirfe misi chum báis a núairse thú, do bhrígh gur iomchair tú aírc an TIGHEARNA Día roimhe Dháibhi mathair, agus do bhrígh gur fhulaing tú anshógh an gach áit ar iomchair mathair aushógh.

27 Marsin do theilg Solamh Abiatar amach ó bheith na shagart ag an TTIGHEARNA; go ccoimhlíonfadh sé focal an TIGHEARNA, noch do labhair sé a ttaobh thighe Eli ann Síloh.

28 ¶ Annsin tháinic scéula go Ióab (óir dfill Ióab le Adoniiah, giodh nar iompóigh sé a ndiáigh Absolon). Agus do theith Ióab go tabernacuil an TIGHEARNA, agus do ghlac greim ar bheannuibh na haltóra.

29 Agus do hinnseadh don rígh Solamh gur theith Ioab go tabernacuil an TIGHEARNA; agus, feuch, atá sé ag an naltóir. Ann sin do chuir Solamh Benaiah mac Iehoiada, gha rádh, Imthigh, tiomáin air.

30 Agus thainic Benaiah go tabernacuil an TIGHEARNA, agus a dubhairt ris, As marso a deir an rígh, Tarr amach. Agus a dubhairt sesion, Ni rachad; achd do gheabha mé bás annso. Agus thug Benaiah scéula chum an rígh a ris, dha rádh, Marso a deir Ioab, agus marso do fhreagair se misi.

31 Agus a dubhairt an rígh ris, Déana mar a dubháirt sé riot, agus tiomáin air, agus adhlaic é; ar chor go mbéara tú a nfuil neimhchiontach, do dhoírt Ióab, uáimse, agus ó thigh mathar.

32 Agus fillfidh an TIGHEARNA a fhuil ar a cheann féin, nóch do thiomáin ar dhís do dháoinibh budh fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do mharbh sé íad leis an ccloidheamh, gan a fhios ag mathair Dáibhi, Abner mhac Ner, caiptín slóigh Israel, agus Amasa mhac Ieter, caiptín slóigh Iúdah.

33 Filltidh a bhfuilsion uimesin ar cheann Ióab, agus ar cheann a shleachda go bráth: acht air Dháibhi, agus air a shliochd, agus air a thigh, agus air a chathaóir ríogha, biaidh sióthcháin go bráth ón TTIGHEARNA.

34 Ann sin do chuáidh Benaiah mac Iehoiada súas, agus do thiomaín sé air, agus do mharbh sé é: agus do hadhlaiceadh é ann a thigh féin ann sa bhfásách.

35 ¶ Agus do chuir an rígh Benaiah mhac Iehoiada iona áit ós cionn an tslóigh: agus do chuir an rígh Sádoc an sagart a nionad Abiathair.

36 ¶ Agus do chuir an rígh agus do ghoir sé ar Shimei, agus a dubhairt sé ris, Tóg tigh dhuit féin ann Ierusalem, agus déan comhnuigh ann sin, agus ná héirigh as sin amach a mball ar bith.

37 Oír is amhluidh bhías, an lá rachas tú amach, agus ghéubhus tú tar a nabhuinn Cídron anonn, bíodh a fhios agad go bhfuighe tú bás air gach éanchor: biáidh thfuil ar do cheann féin.

38 Agus a dubhairt Símei ris an rígh, Is maith an chaint: mar a dubhairt mo thighearna an rígh, is mar sin dhéanas do shearbhfhoghantuigh. Agus do rinne Símei comhnuigh ann Ierusalem mórán do laéthibh.

39 Agus tárla a gcionn thrí mblíadhan, gur imthigheadar días do sheirbhíseachuibh Shimei úadh chum Achis mhic Maachah rígh Gát. Agus dinnseadar dáoine do Shímei, gha rádh, Féuch, atáid do sheirbhísigh ann Gát.

40 Agus déirigh Símei, agus do chuir díalláoid ar a asal, agus do chuaidh go Gát mar a raibh Achis díarruidh a sheirbhíseach: agus dimthigh Símei, agus thug a sherbhísigh leis ó Ghát.

41 Agus do hinnseadh do Sholamh go ndeachaidh Símei ó Ierusalem go Gát, agus go ttáinic sé a rís.

42 Agus do chuir an rígh gairm ar Shímei, agus a dubhairt sé ris, Nach dtug misi ortsa mionnughadh fan TTIGHEARNA, agus nach ar dhearbh mé dhuit, dha rádh, Bíodh a deimhin agad go dearbhtha, an lá rachas tú amach, agus imtheochus tú ann so nó ann súd, do gheabha tú bás go deimhin? agus a dubhairt tusa riom, An focal do chúala mé is maith é.

43 Cred fá nar chomhuill tú mar sin mionna an TIGHEARNA, agus a naithne do aithin misi dhíot?

44 A dubhairt an rígh fós re Símei, Is aithnidh dhuit féin a nuile olc is fios dot chroidhe, do rinne tú rem athair Dáibhi: uime sin fillfe an TIGHEARNA holc air do cheann feín;

45 Agus biaidh an rígh Solamh beannuigh, agus daingneochar cathaóir ríogha Dháibhi a lathair an TIGHEARNA go bráth.

46 Ann sin do aithin an rígh do Bhenaiah mhac Iehoiada; noch do chuáidh amach, agus do thiomáin air, go bhfuair sé bás. Agus do daingniughadh an rioghachd a laímh Sholaimh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí