Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 20:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 “Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Guidhim thú, O a THIGHEARNA, cuimhnigh a nois mar do shiubhail mé ad lathair a bhfírinne agus maille re croidhe iomlán, agus go ndéarna mé an ní budh mhaith ad radharc. Agus do ghuil Heseciah go géur.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 20:3
47 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,


Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.


Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d'imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.


Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.


Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.


Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil.


agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’


D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.


Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas


ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é.


Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,


D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna:


Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige:


Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”


Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge.


D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.


agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.


Cuimhnigh, a Dhia, ar mhaithe liom, ar a bhfuil déanta agam ar son an phobail seo.


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”


Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.


Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic?


Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.


Mhínigh mé mo shlite, agus d'éist tú liom; múin do reachtanna dom.


Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla; lenar thug tú dóchas dom.


Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.


Ná cuimhnigh ar chionta m'óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir d'fhírinne.


an té nach gcuireann an Tiarna cion ina leith, ‘s nach bhfuil cealg ina chroí.


Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.


Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?


Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.


Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?


Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarna a mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta?


Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.


Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhí agus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse: Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muir iad féin agus tréadaí a thréada? Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;


Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”


Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”


Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.


Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí