1 Ríthe 11:36 - An Bíobla Naofa 198136 Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)36 Agus do bhéara mé aointreabh amháin da mhacsan, chor go mbía ag Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh solus romham a ccomhnuighe ann Ierusalem, an chathair do thogh mé dhamh féin do chur manma innte. Féach an chaibidil |
Dhaingnigh Rachabám a fhlaitheas in Iarúsailéim agus bhí faoi réim ann. Bhí Rachabám bliain agus daichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael go léir a thogh an Tiarna lena ainm a lonnú ann. Námá, an tAmónach mná, ab ainm dá mháthair.