2 Ríthe 23:25 - An Bíobla Naofa 198125 Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Agus ní raibh rígh cosmhuil ris roimhe, do iompóigh chum an TIGHEARNA maille re na uile chroidhe, agus le na uile anum, agus le na uile neart, do réir dhlighe Mhaoise uile; agus níor éirigh éanduine na dhiáigh cosmhuíl ris. Féach an chaibidil |
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.