2 Ríthe 23 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Do scrios Iosiah fás‐chreideamh na tíre. 1 Agus do chuir an rígh fios amach, agus do chruinnigheadár chuige sinnsir Iudah uile agus Ierusalem. 2 Agus do chúaidh an rígh súas go tigh an TIGHEARNA, agus daóine Iúdah uile agus uile áitreabhuigh Ierusalem maille ris, agus na sagairt, agus na fáighe, agus an phobal uile, beag agus mór: agus do léigh sé iona cclúasaibh uile bhríathra leabhair an chunnartha noch fríth a ttigh an TIGHEARNA. 3 ¶ Agus do sheas an rígh ag piléur, agus do rinne sé cunnradh a lathair an TIGHEARNA, do shiubhail a ndiáigh an TIGHEARNA, agus a aitheanta agus a fhíadhnuiseadha agus a reachda do choimhéud maille ré na nuile croidhe agus re na nuile anum, chum bríathra an chunnarthasa do choimhlíonadh noch do bhí scríobhtha annsa leabharso. Agus do sheasadar an pobal uile air an ccunnradh. 4 ¶ Agus do aithin an rígh do Hilciah an tardshagart, agus do shagartaibh an dara huird, agus do choímhéuduibh an doruis, na huile shoíthighe do rinneadh do Bhaal, agus don gharrán, agus do shlúagh neimhe uile do thabhairt amach as teampall an TIGHEARNA: agus do loisg sé íad táobh amuich do Ierusalem a machairibh Cidron, agus rug a lúaith leis go Bétel. 5 Agus do chuir sé síos na sagairt iodhaladhartha, noch do órduigheadar righthe Iúdah do losgadh túise annsna háitibh árda a ccaithreachaibh Iúdah, agus annsna háitibh fa ccuairt timchioll Ierusalem; an mhuinntir fós do loisgeadh túis do Bhaal, don ghreín, don ghealuidh, agus do na pláinéaduibh, agus do shlúagh neimhe uile. 6 Agus thug sé amach an garrán ó thigh an TIGHEARNA, taobh amuich do Ierusalem, go habhuinn Cídron, agus do loisg ag abhuinn Cídron é, agus do rinne lúaithreadh dhe, agus do chaith an lúaithreadh ar uáighibh chloinne an phobail. 7 Agus do bhris sé síos tigh na Sodomíteach, noch do bhí láimh re tigh an TIGHEARNA, mar a ndéanadh na mná figheacháin don gharrán. 8 Agus thug sé na sagairt uile as caithreachaibh Iúdah, agus do shaluigh na háite arda mar an loisgedís na sagairt túis, ó Ghebo go Beer‐seba, agus do bhrís síos na háite árda na ngeatadh do bhí a ndul a steach gheata Iosua úachdarán na caithreach, noch do bhí ar an láimh chlé do gheata na caithreach. 9 Gidheadh ni thangadar sagairt na náiteach nárd súas go haltóra an TIGHEARNA ann Ierusalem, achd a dúadar don narán gan loibhín a measg a ndearbhráithreach. 10 Agus do thruáilligh sé Tophet, noch atá a ngleann chloinne Hinnom, iondus nach budh fhéidir lé héanduine a thabhairt air a mhac nó ar á inghin dhul thríd an tteine go Molech. 11 Agus rug se leís ná heich thugadar ríghthe Iúdah don ghréin, a ndul a steach thighe an TIGHEARNA, láimh ré seómra Natan‐melech an seomradóir, noch do bhí san bhaile amuich, agus do loisg sé carbuid na gréine le teine. 12 Agus na haltora do bhí a mullach séomra úachdaruigh Ahas, noch do rinneadar ríghthe Iúdah, agus na haltóra do rinne Manasseh a ndá chúirt thigh an TIGHEARNA, do réub an rígh, agus do bhris síos as sin íad, agus do chaith a lúaithreadh a nabhuinn Cídron. 13 Agus do mhill an rígh na háite árda do bhí as coinne Ierusalem, noch do bhí ar an láimh dheis do shlíabh an truaillighthe, noch do rinne Solamh rígh Israel do Astoret adhfhúathmhaireachd na Sidónianach, agus do Chemos adhfhuáthmhaireachd na Móabiteach, agus do Mbilchon adhfúathmhaireachd chloinne Ammon. 14 Agus do bhris sé na híomháighe a mblodhuibh, agus do ghéarr sé síos na garráin, agus do líon sé a náiteach do chnámhuibh dáoine. 15 ¶ Tuilleamh fós, a naltoír do bhí a Mbétel, agus a náit árd do rinne Ieroboam mhac Nébat, noch thug ar Israel peacughadh, a naltóir aráon agus a náit árd do bhrís sé síos, agus do loisg a náit árd, agus do rinne lúaithreadh dhí, agus do loisg an garrán. 16 Agus mar do iompóigh Iosiah é féin, do chonnairc sé na tuamadha do bhí ann sin ann sa tslíabh, agus do chuir fios, agus do thóg na cnámha amach as na húaighibh, agus do loisg ar a naltóir íad, agus do thrúaill í, do réir bhreithre an TIGHEARNA noch dfhúagair óglach Dé, noch do réumhráidh na bríathrasa. 17 Ann sin a dubhairt sé, Cred é an tioda sin do chím? agus do innsiodar muinntir na caithreach, Se so tuama óglaich Dé, noch tháinic ó Iúdah, agus dfuagair na neithesi do rinne tusa a naghaidh altóra Bhetel. 18 Agus a dubhairt seision, Léigidh dhó, na corruigheadh duine air bith a chnamha. Mársin do leígeadar dá chnámhuibh úatha, maille re cnámhuibh an nfáigh thainic ó Shamária. 19 ¶ Agus mar an gcéadna tighthe na náiteach nárd uile do bhí a ccaithreachaibh Shamária, noch do rinneadar righthe Israel do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge, do chuir Iosiah as íad, agus do rinne sé riú do reir a nuile ghníomh do rinne sé a Mbétel. 20 Agus do mharbh sé sagairt na naíteach nárd uile do bhí annsin ar na haltóruibh, agus do loisg sé cnámha dáoine orra, agus dfill sé go Hierusalem. 21 ¶ Agus do aithin an rígh don phobal uile, gha radh, Coimnéuduigh an cháisg da bhur TTIGHEARNA Día, mar atá scríobhtha annsa leabhairso an chunnartha. 22 Go deimhin níor coimhéadadh a léitheid sin do cháisg ó laéthibh na mbreitheamh do rinne breitheamhnus air Israel, nó ar feadh uile laétheadh ríogh Israel, nó ríogh Iúdah; 23 Acht annsa nochdmhadh blíadhuin déug don rígh Iosiah, ann ar congmhadh an cháisgsi don TIGHEARNA ann Ierusalem. 24 ¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA. 25 Agus ní raibh rígh cosmhuil ris roimhe, do iompóigh chum an TIGHEARNA maille re na uile chroidhe, agus le na uile anum, agus le na uile neart, do réir dhlighe Mhaoise uile; agus níor éirigh éanduine na dhiáigh cosmhuíl ris. 26 ¶ Gidheadh níor fhill an TIGHEARNA ó chuthach a fheirge móire, le ar hadhnadh a fhearg a naghaidh Iudah, tre mhéud an bhrostuighthe lear bhrostuigh Manasseh é. 27 Agus a dubhairt an TIGHEARNA, atharrochuidh mé Iudah fós as mo radharc, mar do atharruigh mé Israel, agus teilgfe mé uáim an chathairsi Ierusalem noch do thogh mé, agus an tigh a ndubhairt mé, Biaidh mainm ann. 28 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iosiah, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuild síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iudah? 29 ¶ Iona laethibhsion do chuáidh Pharao‐Nechoh rígh na Hegipte súas a naghaidh rígh na Hassíria go nuige an sruth Euphrates: agus do chuáidh an rígh Iosiah iona aghaidh; agus do mharbh seision é a Megiddo, a núair do chonnairc sé é. 30 Agus rugadar a mhuinntir leó é a ccarbad, marbh ó Mhegiddo, agus thugadar go Hierusalem é, agus do adhlaiceadar é iona thuama féin. Agus do ghlacadar daóine na tíre Iehoahas mac Iosiah, agus dó ungadar é, agus do rinneadar rígh dhe a nait a athar. 31 ¶ Do bhí Iehoahas trí blíadhna fithchiod daóis a núair do thosuigh sé a righe; agus do ríoghaidh trí mhí ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Hammutal, inghean Ieremiah ó Libnah. 32 Agus do rinne sé an ní dob olc a radharc an TIGHEARNA, do réir gach a ndearnadar a aithre. 33 Agus do chuir Pharao‐nechoh a ccuibhreach é a Riblah a ttír Hamat, chor nach mbiádh na rígh ann Ierusalem; agus do chuir an tír fá dhuibhchíos ceud tallann airgid, agus tallainn óir. 34 Agus do rinne Phárao‐nechoh rígh do Eliacim mac Iosiah a náit Iosiah a athar, agus thug Iehoiacim dainm air, agus rug Iehoahas leis: agus thainic don Négipt, agus déug sé annsin. 35 ¶ Agus thug Iehoiacim an tairgiod agus an tór do Phárao; agus do rinne gearradh air a tír díoc a nairgid do réir aithne Pharaoh: do thabhuigh sé an tairgiod agus an tór ar mhuinntir na tíre, ar gach uile dhuine do réir a ghearrtha, re thabhairt do Pharao‐nechoh. 36 ¶ Do bhí Iehoiacím cúig bhlíadhna fithchiod daois a nuáir do thosuigh a ríghe; agus do ríoghaidh éain blíadhuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Sebudah, inghean Phedaiah ó Rumah. 37 Agus do rínne sé an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA, do réir gach a ndéarnadar a aithre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society