1 Pól, príosúnach ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráthair, chum Filéamóin, cara ionmhain agus cómh‐oibridhe linn, 2 agus chum Apfia, ár siur, agus chum Archippuis ár gcómh‐shaighdiúir, agus chum na h‐eaglaise atá id’ thigh: 3 Grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. 4 Do‐bheirim buidheachas lem’ Dhia, ag cuimhneamh i gcómhnaidhe ort im’ urnaighthibh, 5 toisc gur clos dom an creideamh atá agat do’n Tighearna Íosa, agus do ghrádh do na naomhaibh go léir; 6 ag guidhe go mbéadh an creideamh ’n‐a bhfuil tú i gcómhar leo éifeachtach ar son Chríost chum a bhfuil de mhaitheas ionnainn do chur i n‐umhail go h‐iomlán. 7 Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot. 8 Ar an adhbhar sin, gidh go bhfuil gach dánaidheacht agam i gCríost chum an nidh is cuibhe d’órdú dhuit, 9 is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost: 10 atáim ag déanamh impidhe ort ar son mo mhic do gheineas im’ chuibhreachaibh, Onésimus, 11 do bhí gan tairbhe dhuit tamall ó shoin, acht atá tairbheach dúinne araon anois. 12 Tá sé féin curtha agam ar ais chugat, agus gur ab é mo chroidhe istigh féin é. 13 Ba mhian liom a chongbháil agam féin chum go ndéanfadh sé seirbhís dom it’ ionad‐sa i gcuibhreachaibh an tsoiscéil: 14 acht níor mhaith liom rud ar bith do dhéanamh gan fios d’aigne bheith agam; chum nach ndéanfá do dheagh‐ghníomh ded’ aimhdheoin, acht ded’ dheoin féin. 15 Óir dob’ fhéidir gurbh amhlaidh do bhí sé scartha leat ar feadh tréimhse chum go mbéadh sé agat go deo; 16 ní mar sheirbhíseach feasta, acht mar dhuine is mó ’ná seirbhíseach, mar bhráthair ionmhain, ionmhain liom‐sa, go mórmhór, acht gur mó is annsa leat‐sa é san bhfeoil agus san Tighearna. 17 Mar sin de, már áirmheann tú mise mar chomrádaidhe, glac chugat é mar ghlacfá mé féin. 18 Agus má tá éagcóir ar bith déanta aige ort, nó má dhligheann sé éinnidh dhuit, cuir síos i gcoinnibh mo chunntais‐se é; 19 mise Pól atá g‐á scríobhadh lem’ láimh féin, íocad‐sa as: gan a chur i gcuimhin duit go ndlighir‐se d’anam féin dom. 20 Mar sin, a bhráthair, cuir fá’n gcomaoin seo mé san Tighearna: tabhair suaimhneas dom i gCríost. 21 Toisc muinighin bheith agam as d’umhlacht is eadh atáim ag scríobhadh chugat, agus a fhios agam go ndéanfair thar mar deirim. 22 Acht, ar an am céadna ullmhuigh lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraibh de bhárr bhur n‐urnaighthe. 23 Beannuigheann Epafras, cómh‐phríosúnach liom i nÍosa Críost, duit; mar aon le 24 Marcus, Aristarchus, Démas agus Lúcás, cómh‐oibridhthe liom. 25 Go raibh grása ár dTighearna Íosa Críost ag bhur spiorad. Amen. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society