Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filéamón 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 ní mar sheirbhíseach feasta, acht mar dhuine is mó ’ná seirbhíseach, mar bhráthair ionmhain, ionmhain liom‐sa, go mórmhór, acht gur mó is annsa leat‐sa é san bhfeoil agus san Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 ach ní mar mhogha ach mar ní is mó ná mogha, mar bhráthair ionúin, agus dá dhílseacht le mo chroí é, nach mó go mór an dáimh is cóir a bheith agatsa leis, de thaobh an tsaoil seo agus de thaobh an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liom-sa é nach mó is ansa leat-sa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.

Féach an chaibidil Cóip




Filéamón 1:16
10 Tagairtí Cros  

Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile.


Agus d’imthigh Ananias, agus do chuaidh sé isteach san tigh; agus do chuir sé a lámha air agus adubhairt, A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa do thaisbeán é féin duit san tslighe agus tú ag teacht, do chuir sé mise chugat, chum go bhfaightheá do radharc athuair, agus go líonfaidhe thú de’n Spiorad Naomh.


Óir an té do gairmeadh san Tighearna, bíodh gur sclábhaidhe é, saoránach an Tighearna is eadh é: ar an gcuma chéadna an té fuair gairm agus é saor, searbhónta Chríost is eadh é.


A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh do réir na feola, ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shásamh, acht le deagh‐thoil croidhe,


Agus an méid go bhfuil máighistrí chreideas aca, ná bíodh dí‐mheas aca ortha, toisc gur bráithre iad; acht go mb’ fhearrde an tseirbhís dhéanfas siad dóibh é, toisc gur creidmhigh ion‐ghráduighthe na daoine bhaineas an tairbhe as a seirbhísí. Múin agus mol na neithe seo.


Uime sin, a bhráithre naomhtha, a rannpháirtidhthe san ngairm neamhdha, breathnuighidh Abstal agus Árd‐Shagart an chreidimh admhuighmíd, Íosa Críost;


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí