Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Filéamón 1 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,

2 don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Archapas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.

3 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

4 Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe.

5 Mar tá iomrá dá chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile.

6 Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.

7 Ba mhór an lúcháir agus an sólás dom-sa an grá sin agat-sa, a bhráthair, mar go bhfuil croí dá thabhairt agat don phobal naofa.

8 Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin

9 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,

10 tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.

11 Ba bheag an chabhair duit-se tráth é ach is fóinteach duit-se agus dom-sa anois é.

12 Is é cnú mo chroí é ach táim dá chur ar ais chugat,

13 cé go mbʼfhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.

14 Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.

15 Bʼfhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air,

16 ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liom-sa é nach mó is ansa leat-sa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.

17 Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a dʼfháilteofá romham féin.

18 Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é.

19 Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo lámh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil dʼanam féin mar fhiacha agam ort.

20 Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.

21 Agus mé dá scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.

22 Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe.

23 Cuireann Eipeafas, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe

24 Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

25 Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

Lean orainn:



Fógraí