Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Filéamón 1 - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Mise Pól atá i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost, agus Timótéus ár mbráthair, Chugat a Philémóin ár gcomhoibrí ionúin

2 agus chuig Afia ár siúr agus ár gcomrádaí cogaidh Arcipus, agus chuig an eaglais atá i do theach.

3 Grásta daoibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

4 Níl am dá gcuimhním ort do do chur faoi bhri mo ghui nach mbim ag tabhairt buíochais do mo Dhia

5 faoin iomrá a chluinim i dtaobh do ghrá agus i dtaobh do dhfl-seachta don Tiarna Íosa agus do na naoimh uile go léir,

6 agus guim go méadóidh an chomhroinn seo de do chreideamh ár n eolas ar an maitheas a bhíos againn ó Chríost.

7 Mar is mór an só agus an sólás a bhain mé as do ghrá, a bhráthair na páirte, ós tú a thóg croíthe na naomh.

8 Ar an ábhar sin, siúd is go bhfuil uchtach agam ó Chríost leis an ní atá riachtanach a ordú duit,

9 is é is fearr liom a impi ort ar ghrá Dé—is ea, mise Pól, a bhíodh i mʼambasadóir agus atá anois i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost—

10 iarraim dʼimpí ort ar son Onésimus, mo leanbh ar tharla mise i mʼathair aige le linn mo bhraigh-deanais,

11 (a bhí roimhe seo éadairbheach duitse, ach atá anois lántairbheach don bheirt againn.)

12 Táim anois á scaoileadh ar ais abhaile chugat, cé gurb é an duine is ansa le mo chroi.

13 Is é ab fhearr liom féin, go bhfanfadh sé agam, le bheith ag freastal orm thar do cheannsa chomh fada agus atá le caitheamh agam i mbraighdeanas ar son an tsoiscéil;

14 ach ní maith liom aon ní a dhéanamh gan cead uait ionas go mbeadh an mhaith sin agat de do dheoin agus ní de dʼainneoin.

15 Bʼfhéidir gurb é an fáth ar scar sé leat seal tamaill, ionas go bhfaighfeá seilbh shíoraí air dá bharr,

16 ach ní mar mhogha ach mar ní is mó ná mogha, mar bhráthair ionúin, agus dá dhílseacht le mo chroí é, nach mó go mór an dáimh is cóir a bheith agatsa leis, de thaobh an tsaoil seo agus de thaobh an Tiarna.

17 Mar sin má fheictear duit mise agus tusa bheith inár gcéilí comhair, glac tusa leis mar a ghlacfá liom féin.

18 Más rud é go bhfuil aon éagóir déanta aige ort, nó aon airgead agat air, níl le déanamh agat ach a insint go n íocfaidh mé as.

19 Mise, Pól, atá á scríobh le mo láimh féin, á rá go n íocfaidh mé as thú—cé nach luaim an chomaoin a bhfuil tú fúithi agam i dtaobh dʼanama dhílis féin.

20 Is mar sin, a bhráthair liom, a iarraim ort an rud sin a dhéanamh dom ar ghrá an Tiarna. Tabhair an sásamh sin do mo chroi as ucht Chríost.

21 Táim ag scríobh chugat mar seo agus iontaoibh agam asat go dtabharfaidh dʼumhlacht ort nios mó a dhéanamh ná tá iarrtha agam ort.

22 Agus táim á rá leat san am céanna seomra aíochta a dhéanamh réidh i mo choinne, ó tá dóchas agam bheith agat mé féin mar thoradh ar do ghui.

23 Tá Epafras ag beannú duit, atá i gcomhbhraighdeanas liom i níosa Críost,

24 agus tá mo chomhoibrithe Marcas, Aristarcas, Démas agus Lúcás uilig ag beannú duit freisin.

25 Go raibh grásta an Tiarna Íosa Críost libh in bhur sprid.

Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

National Bible Society of Ireland
Lean orainn:



Fógraí