Eabhraigh 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is iomdha modh agus slighe ’n‐ar labhair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaibh tré na fáidhibh, 2 acht do labhair sé linne ins na laethaibh deireannacha so tré n‐a Mhac, do chinn sé mar oidhre ar a bhfuil ann, tré n‐ar chruthuigh sé an domhan, leis. 3 Is é lonnradh a ghlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congbhuigheas gach uile nidh le chéile le briathar a chumhachta; nuair do bhí na peacaidhe glanta aige, do shuidh sé síos ar dheas‐láimh na Mórdhachta i n‐áirde; 4 agus d’á bhrigh sin is mó a ghradam‐san ’ná gradam na n‐aingeal, óir fuair sé ainm mar oidhreacht is mó ’ná a n‐ainm‐sean. 5 Óir cia aca de na h‐ainglibh go ndubhairt sé ariamh leis, Is tusa mo Mhac, Indiu do gheineas thú? agus arís, Béidhead‐sa im’ Athair dó, Agus béidh seisean ’n‐a Mhac dom? 6 Agus arís, nuair do‐bheir sé a chéid‐ghein isteach san tsaoghal adeir sé, Agus déanadh aingle uile Dé adhradh dhó. 7 Agus i dtaobh na n‐aingeal adeir sé, An té do‐ghní gaotha d’á ainglibh, Agus lasair teineadh d’á theachtairibh. 8 Acht do’n Mac adeir sé, Atá do righ‐chathaoir‐se, ann a Dhia, go saoghal na saoghal, Agus slat an chothruim is eadh slat ríogha do ríoghachta. 9 Do ghrádhuighis an fhíréantacht, agus d’fhuathuighis an aindlighe; Uime sin d’ung Dia, do Dhia‐sa, thú Le h‐ola an gháirdeachais os cionn do chompánach. 10 Agus, Is tusa, a Thighearna, i dtosach do leag bun an domhain, Agus is iad na spéartha oibreacha do lámh: 11 Rachaid‐sean i n‐éag; acht fanann tusa ann i gcómhnaidhe: Agus rachaid i meath amhail éadach; 12 Agus fillfidh tú le chéile iad amhail falaing Amhail brat, agus athróchar iad: Acht fanann tusa gan athrú, Agus ní thiocfaidh críoch ar do bhliadhantaibh. 13 Acht cia aca de na h‐ainglibh go ndubhairt sé ariamh leis, Suidh‐se ar mo dheas‐láimh, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fad’ chosaibh? 14 Nach spioraidí freastail iad go léir, atá curtha amach chum friothálmha ortha‐san go bhfuil an slánughadh i ndán dóibh mar oidhreacht? |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society