Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filéamón 1:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Marcus, Aristarchus, Démas agus Lúcás, cómh‐oibridhthe liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 agus tá mo chomhoibrithe Marcas, Aristarcas, Démas agus Lúcás uilig ag beannú duit freisin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

Féach an chaibidil Cóip




Filéamón 1:24
15 Tagairtí Cros  

Agus, san machtnamh dhó, tháinig sé go tigh Mháire máthair Eoin dárbh chómhainm Marcus; mar a raibh mórán daoine cruinnighthe le chéile ag urnaighe.


Agus d’fhill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair bhí gnó a seirbhíse déanta aca, ag breith Eoin darbh chómhainm Marcus i n‐éinfheacht leo.


Agus do chuaidh Pól agus a chomplacht ar luing ó Phafos, agus thángadar go Pergé i bPamfilia; agus d’imthigh Eoin uatha, agus d’fhill sé go h‐Iarúsalem.


Agus do bhí an chathair tré chéile le clampar: agus do ritheadar i n‐éinfheacht isteach san téatar, agus greim aca ar Gháius agus ar Aristárchus, beirt ó’n Mhaiceadóin, comrádaidhthe siubhail do Phól.


Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn.


I dtaobh Thítuis, is é mo chómhpháirtidhe agus mo chómhoibrightheoir ’n‐bhur dtaobh‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráithribh, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Chríost.


Acht do cheapas gur riachtanach Epafróditus, bráthair, agus chómh‐oibridhe, agus cómhshaighdiúir liom, agus bhur dteachtaire‐se, agus an fear d’fhóir orm i n‐am mo ghátair, do chur chugaibh:


Agus impidhim ort‐sa, a chomrádaidhe dhil, congnamh do thabhairt do na mnáibh úd, óir do shaothruigheadar san tsoiscéal i n‐éinfheacht liom‐sa, i n‐éinfheacht le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ chómh‐oibrightheoiribh, go bhfuil a n‐ainmneacha thíos i leabhar na beathadh.


Beannuigheann Aristárchus, cómh‐phríosúnach liom, beannuigheann seisean daoibh, mar aon le Marcus, col ceathair Bharnabais (go bhfuair sibh órduighthe ’n‐a thaobh;


Beannuigheann Lúcás, liaigh grádhach, agus Démas daoibh.


An eaglais atá san mBaibiolóin, do toghadh i n‐éinfheacht libh‐se, beannuigheann sí, mar aon lem’ mhac Marcus, daoibh.


Uime sin ba cheart fáilte do chur roimh a leithéidibh, chum go mbéimís ’n‐ár gcómh‐oibrightheoiribh leis an bhfírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí